An bealach is simplí agus is sábháilte chun síniú isteach ar do Chuntas Google
Is rogha eile, seachas pasfhocail, atá níos éasca agus níos sábháilte iad paseochracha. Ligeann siad duit síniú isteach le do mhéarlorg, scanadh aghaidhe nó glas scáileáin.
-
Simplí
Cuireann paseochracha eispéireas áisiúil agus simplí ar fáil a úsáideann glas do ghléis, mar shampla do mhéarlorg, d'aghaidh, d'UAP nó do phatrún chun síniú isteach ar do Chuntas Google.
-
Slán
Soláthraíonn paseochracha an chosaint is láidre. Ní féidir iad a thomhas ná a athúsáid choíche, rud a chabhraíonn le do chuid faisnéise príobháidí a choinneáil slán i gcoinne ionsaitheoirí.
-
Príobháideach
Stóráiltear do shonraí bithmhéadracha, amhail méarlorg nó scanadh aghaidhe, ar do ghléas pearsanta agus ní chomhroinntear riamh iad le Google.
Tá sé chomh héasca lena bhfaca tú riamh
Sínigh isteach ar do Chuntas Google, socraigh do phaseochair le do ghléas agus tá gach rud ullamh agat!