Jump to Content

Níos tapa, níos sábháilte, níos éasca. Sínigh isteach le Google le haon tapáil amháin.

Úsáid do Chuntas Google chun an próiseas cláraithe agus síniú isteach a dhéanamh níos sábháilte agus níos simplí, ionas gur féidir leat níos lú ama a chaitheamh ar ainmneacha úsáideora agus ar phasfhocail agus níos mó ama a chaitheamh ar na haipeanna agus ar na suíomhanna a mbaineann tú taitneamh astu.

Ainlíonn cúrsóir thar chnaipe 'Sínigh isteach le Google' ar scáileán ríomhaire glúine. Rothlaíonn deilbhíní aipe timpeall an scáileáin. Taispeánann gléas móibíleach cnaipe 'Sínigh isteach le Google' in aice leis an ríomhaire glúine chomh maith.
  • Sínigh isteach gan stró

    Cruthaigh cuntais nua go héasca agus go sábháilte nó sínigh isteach ar na haipeanna agus suíomhanna is fearr leat gan an dua a bhaineann le hainmneacha úsáideora agus pasfhocail.

  • Úsáid gléas ar bith

    Bain taitneamh as eispéireas síniú isteach atá éasca agus so-aitheanta ar fud na mbrabhsálaithe agus na ngléasanna ar fad a úsáideann tú, lena n-áirítear iOS agus Android.

  • Rialaigh do naisc

    Coinnigh smacht ar d'aipeanna agus ar do shuíomhanna trí fhaisnéis chuntais amhail d'ainm, do sheoladh ríomhphoist agus do phictiúr próifíle a chomhroinnt go sábháilte, agus trí rochtain ar aipeanna Google amhail Drive a bhainistiú.

  • Fan níos sábháilte le Google

    Bíodh deireadh agat le pasfhocail athúsáidte agus le síniú isteach lag. Má úsáideann tú do Chuntas Google chun síniú isteach go slán, beidh tú ag brath ar níos lú aipeanna agus suíomhanna chun do phasfhocail a stóráil, ionas go bhfanfaidh do shonraí níos sábháilte.

An chaoi le 'Sínigh isteach le Google' a úsáid

Faigh rochtain éasca ar na haipeanna agus suíomhanna a mbaineann tú taitneamh astu ar ghléas ar bith — ar fad le do Chuntas Google

Cliceáil an cnaipe 'Sínigh isteach le Google' ar an aip nó ar an suíomh

Roghnaigh Cuntas Google le húsáid

Más é seo do chéad uair, comhroinn an t-ainm, an seoladh ríomhphoist agus an pictiúr próifíle ó do Chuntas Google chun síniú isteach ar an aip nó ar an tseirbhís
Seans go n-iarrfaidh roinnt aipeanna faisnéis eile ort, amhail do sheoladh nó d'uimhir ghutháin, ar féidir leat í a rialú am ar bith i socruithe do Chuntais Google

Lean ar aghaidh go dtí an aip nó an suíomh

Sin a bhfuil, tá tú sínithe isteach anois!
Sínigh ar ais isteach go héasca an chéad uair eile leis an gCuntas Google céanna

Taispeántar scáileán síniú isteach ar ghléas. Tá roghanna ann faoi réimsí an ainm úsáideora agus an phasfhocail, chun cuntas nua a chruthú nó chun Síniú isteach le Google. Leathnaíonn an cnaipe 'Sínigh isteach le Google' agus imíonn sé ón scáileán. Cliceálann cúrsóir an cnaipe.
Líonann mír aníos scáileán an ghléis. Tugann sí leid don úsáideoir Cuntas Google a roghnú chun leanúint ar aghaidh go dtí an aip nó chun cuntas eile a chur leis. Roghnaíonn an cúrsóir cuntas le húsáid.
Athraíonn an mhír aníos chun leid a thabhairt don úsáideoir cead a thabhairt do Google an t-úsáideoir a shíniú isteach ar an aip. Cliceálann an cúrsóir an cnaipe 'lean ar aghaidh'. Dúnann an mhír aníos agus taispeántar aip atá á lódáil ar an scáileán.

Sínigh isteach ar bhealach níos sábháilte le slándáil iontaofa ó Google

  • Slán de réir réamhshocraithe

    Tá próiseas síniú isteach atá tapa agus slán tuillte agat. Cabhraíonn 'Sínigh isteach le Google' le cosaint ar sháruithe sonraí tríú páirtí trí shrian a chur leis an méid áiteanna a stóráiltear d'fhaisnéis ar líne.

  • Tusa atá i gceannas

    Bainistigh an fhaisnéis atá tú ag iarraidh a chomhroinnt le gach aip agus suíomh tríú páirtí, agus nuashonraigh do shocruithe am ar bith ó do Chuntas Google.

  • Príobháideach d'aon ghnó

    Ní úsáideann Google faisnéis ná gníomhaíocht ó 'Sínigh isteach le Google' d'fhógraí ná d'aon táirge Google eile. Cloímid go docht le cleachtais sonraí fhreagracha atá deartha chun meas a léiriú ar do phríobháideachas.

Níl na haipeanna agus na suíomhanna is fearr leat ach aon tapáil amháin uait